Foghlaim agus Cleachtadh na Gramadaí sa mheánscoil le Tomás Ó Madagáin
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar fhoghlaim na Gramadaí sa seomra ranga. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an 23ú de mhí Eanáir, 2023.
Sa cheardlann:
Tasipeánfar na bealaí is éifeachtaí leis an ngramadach a mhúineadh.
Léireofar acmhainní úsáideacha mar shampla Cur i Láthair PowerPoint agus Cluichí Gramadaí Quizlet atá ar fáil ar líne.
Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe dhá chluiche gramadaí trí Quizlet beo mar chuid den cheadarlann. Gheobhaidh buaiteoirí dearbhán amháin ón dara cluiche – dearbhán duine do chách.
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé dá leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile, agus Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste.
If you are not receiving email notifications regarding course bookings etc you may have unsubscribed from transactional emails. Please re-subscribe here Resubscribe and fix my email notifications (You will not be added to any newsletters or marketing.)