DATE: ar an Luan, an 20ú de mhí Feabhra TIME: 18:00 - 19:00 VENUE: Online Via Zoom
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar mhúineadh na Gaeilge sa tSraith Shóisearach. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan, an 20ú de mhí Feabhra, 2023.
Sa cheardlann:
Pléifear an scrúdú agus conas daltaí na Sraithe Sóisearaí a ullmhú don scrúdú.
Léireofar ceisteanna agus freagraí samplacha ar an litríocht.
Labhrófar maidir leis an úrscéal sa tSraith Shóisearach agus conas an t-úrscéal a mhúineadh ar bhealach atá spraíúil sa rang.
Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe cluiche amháin trí Quizlet beo mar chuid den cheardlann. Gheobhaidh buaiteoirí an chluiche seo dearbhán do chách.
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé dá leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile, agus Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste.
If you are not receiving email notifications regarding course bookings etc you may have unsubscribed from transactional emails. Please re-subscribe here Resubscribe and fix my email notifications (You will not be added to any newsletters or marketing.)