Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar Bhéaltriail na Gaeilge. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan, 6ú de mhí an Mhárta, 2023.
Ar an oíche clúdófar:
· leagan amach na mBéaltrialacha
· comhairle ar dhaltaí a ullmhú don scrúdú
An Fáiltiú agus An Fhilíocht
An Comhrá:
· Mé féin, mo theaghlach agus mo laethanta saoire
· Mo cheantar
· Mo scoil
· Mo chaitheamh aimsire
· Saol an dalta i ndiaidh na scoile
· Teicneolaíocht i mo shaol
· Saol an déagóra
· An Ghaeilge agus An Ghaeltacht
· An Timpeallacht
· An Córas Sláinte
· An Córas Oideachas
· Bochtaineacht
· Daoine gan dídean
· An Modh Coinníollach
Na Sraith Pictiúr:
· cur síos a dhéanamh orthu agus ceisteanna a chur agus a fhreagairt
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé dá leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile, agus Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste.