Chat gpt don mhúinteoir Gaeilge le Tomás Ó Madagáin
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar úsáid Chat gpt don mhúinteoir Gaeilge. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00.
Sa cheardlann:
Taispeánfar conas cuntas Chat gpt a chruthú
Míneofar na bealaí le gur féidir le Chat gpt cabhrú leis an múinteoir Gaeilge lena n-ullmhúchán
Léiríofar cumhacht Chat gpt chun acmhainní a chruthú mar shampla: liostaí stór focal, tablaí sna réimniú éagsúla
Taispeánfar conas gur féidir Chat gpt aistí agus léamthuiscintí a chruthú go héasca
Fair dheireadh an tseimineáir seo, beidh tuiscint níos doimhne agat ar conas is féidir le ChatGPT tacú le do spriocanna foghlama teanga a bhaint amach sa seomra ranga.
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé trí leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile: Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste agus Scileanna le hAghaidh Rath Scrúdaithe, leabhar don tSraith Shóisearach.
If you are not receiving email notifications regarding course bookings etc you may have unsubscribed from transactional emails. Please re-subscribe here Resubscribe and fix my email notifications (You will not be added to any newsletters or marketing.)