Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar fhoghlaim na Gramadaí sa seomra ranga. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan 5ú de mhí Feabhra 2024.
Sa cheardlann:
- Tasipeánfar na bealaí is éifeachtaí leis an ngramadach a mhúineadh.
- Léireofar acmhainní úsáideacha mar shampla Cur i Láthair PowerPoint agus Cluichí Gramadaí Quizlet atá ar fáil leis an leabhar Foghlaim agus Cleachtadh.
- Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe dhá chluiche gramadaí trí Quizlet beo mar chuid den cheadrlann. Gheobhaidh buaiteoirí dearbhán amháin ón dara cluiche – dearbhán duine do chách atá urraithe ag Gill Education.
Is Scrúdaitheoir Béil agus múinteoir é Tomás a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé trí leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile: Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste agus Scileanna le hAghaidh Rath Scrúdaithe, leabhar don tSraith Shóisearach.
Course Details
Course Date | 04-03-2024 6:00 pm |
Course End Date | 04-03-2024 7:00 pm |
Cut off date | 04-03-2024 12:00 pm |
Registration fee / cost | €5.00 |
Speaker | Tomás O'Madagain |
Number Hours | 1 |
Location | Online |
Categories | Post Primary, Other |