Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar mhúineadh na Gaeilge don tSraith Shóisearach. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan, an 19ú de mhí an Mhárta 2024.
Sa cheardlann:
- Pléfear an scrúdú agus conas daltaí na Sraithe Sóisearaí a ullmhú don scrúdú.
- Rachfar tríd roinnt bealaí leis an litríocht a mhúineadh. Léireofar ceisteanna agus freagraí samplacha ar an litríocht.
- Labhrófar maidir leis an úrscéal sa tSraith Shóisearach agus conas an t-úrscéal a mhúineadh ar bhealach atá spraoiúíl sa rang.
- Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe cluiche amháin trí Quizlet beo mar chuid den cheadrlann. Gheobhaidh buaiteoirí an chluiche seo dearbhán do chách.
Is Scrúdaitheoir Béil agus múinteoir é Tomás a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé trí leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile: Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste agus Scileanna le hAghaidh Rath Scrúdaithe, leabhar don tSraith Shóisearach.
Course Details
Course Date | 19-03-2024 6:00 pm |
Course End Date | 19-03-2024 7:00 pm |
Cut off date | 19-03-2024 12:00 pm |
Registration fee / cost | €5.00 |
Speaker | Tomás O'Madagain |
Number Hours | 1 |
Location | Online |
Categories | Post Primary, Other |